Tráth na gCeist 2017
Seachtain na Gaeilge atá ann. Chun seachtain na Gaeilge a cheiliúradh sa scoil, d'eagraigh Ms Giblin, Mr O'Connor agus Ms Treacy Tráth na gCeist as Gaeilge ar an gCéadaoin. Rinne Nina agus Jenna i rang a sé a lán oibre chun na foireann a chur le céile. Míle buíochas do na cailíní. Chuir Ms Giblin na ceisteanna ar na páistí agus bhí sí go h-iontach. Cheartaigh Ms Treacy agus Mr O'Connor na freagraí. Bhailigh Thomas, Darragh, Roisín, Ciarán, Damien agus Johnathan na billeoga ó gach foireann ag deireadh gach babtha. Go raibh míle maith acu go léir. Bhí an spóirt ag gach duine.
Chanamar amhráin álainn agus bhíomar ar fheabhas.
Cheartaigh Ms Treacy agus Mr O'Connor na freagraí.
Na duaiseanna.
Rinne Nina agus Jenna a lán oibre.
Bualadh bos mor do Ms giblin. Bhi sí ar fheabhas ag cur na ceisteanna orainn!
Na buaiteoirí sa chéad áit. Yippee!
Bhíomar sa dara áit.
Bhíomar sa tríu áit.